1 Macabaech 2:67-70 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

67. Bailígí chugaibh féin lucht comhlíonta an dlí go léir, agus déanaigí an éagóir ar bhur muintir a agairt.

68. Déanaigí éiric iomlán a thobhach ar na págánaigh, agus comhlíonaigí aithne an dlí.”

69. Bheannaigh sé iad ansin agus cruinníodh chun a shinsear é.

70. Fuair sé bás sa bhliain céad daichead a sé agus adhlacadh é i dtuama a shinsear i Móidín. Rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach.

1 Macabaech 2