1 Eoin 1:4-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.

5. Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.

6. Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.

1 Eoin 1