1 Corantaigh 8:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.

2. An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige,

3. ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia.

1 Corantaigh 8