1 Corantaigh 15:19-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.

20. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.

21. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith.

22. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.

1 Corantaigh 15